San alt seo tá anailís chainníochtúil i bhfráma tagartha canúineolaíochta na sochtheangeolaíochta Labovaí ar shóinseálaigh iolra i nGaeilge Iorras Aithneach, Co. na Gaillimhe, agus i gConnachta frae chéile:
1. -r-, msh. cultrachaí ~ cultachaí
2. -a ~ -í, msh. bróga ~ brógaí
3. -acha ~ -achaí, msh. cultracha ~ cultrachaí
4. -íochaí ~ -úchaí, msh. ingníochaí ~ ingniúchaí ~ ingneóchaí ~ ingneáchaí srl.
Baintear leas as fianaise a bailíodh in obair pháirce agus fianaise ó fhoinsí béaloideasa go háirithe ábhar i Roinn Bhéaloideas Éireann chomh maith le hábhar in Atlas Canúineolaíochta Heinrich Wagner