Eagrán de na scéalta idirnáisiúnta ó na Cruacha Gorma a bhailigh Seán Ó hEochaidh do Choimisiún Béaloideasa Éireann i 1947 agus 1948

Abstract

Sa saothar seo, cuirtear in eagar tríocha scéal idirnáisiúnta a bailíodh sna Cruacha Gorma i dTír Chonaill sna blianta 1947 agus 1948. Is iad na haidhmeanna atá ag an saothar: 1. Eagrán de na scéalta seo a chur ar fáil don chéad uair, scéalta nár cuireadh in eagar cheana. 2. Gaeilge na scéalta a chaighdeánú de réir Foclóir Gaeilge-Béarla, (Ó Dónaill, 1977) agus Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge, An Caighdeán Oifigiúil, (2004), ach amháin nuair a bhíonn coimhlint idir an Caighdeán agus canúint na scéalaithe mar a scríobhadh síos í ag an bhailitheoir, Seán Ó hEochaidh. Nuair a bhíonn coimhlint idir an Caighdeán agus an chanúint, taobhaítear leis an chanúint sa saothar. 3. An méid staidéir atá déanta cheana ar bhéaloideas na gCruach, agus ar an ról éachtach a bhí ag Ó hEochaidh ina chaomhnú a mhéadú. Bhailigh Seán Ó hEochaidh na scéalta seo do Chomisiúin Béaloideasa Éireann, agus tá lámhscríbhinní an bhailitheora caomhnaithe mar chuid de Chnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is iad na lámhscríbhinní seo, a bhfuil fáil orthu chomh maith i bhfoirm mhicreascannán i leabharlann Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, a úsáidtear mar bhunábhar sa saothar. I gCaibidil 1, tugtar an modh eagarthóireachta a chuirtear i bhfeidhm ar théacsanna na scéalta, na hathruithe i dtreo an Chaighdeáin a dhéantar, agus na hathruithe nach gcuirtear i bhfeidhm nuair a dhéantar iarracht tús áite a thabhairt do chanúint na scéalaithe. I gCaibidil 2, déantar plé ar cheithre ábhar inspéise de Ghaeilge na gCruach a tháinig chun cinn nuair a bhí na scéalta á gcur in eagar. I gCaibidil 3, tugtar tríocha scéal idirnáisiúnta agus iad curtha in eagar. Chomh maith leis an phlé a dhéantar ar Ghaeilge na scéalta, mar a luadh thuas, cuirtear athruithe i bhfeidhm i bponcaíocht agus i leagan amach théacs na scéalta. I gCaibidil 4 déantar plé ar scéal amháin sa chnuasach, scéal an Fhir Mhóir. Bailíodh dhá leagan den scéal seo ón scéalaí, Anna Nic an Luain, Cruach Thoibrid, agus faightear idir chosúlachtaí agus éagsúlachtaí sna leaganacha seo. Déantar comparáid idir an dá leagan sin, chomh maith le plé a dhéanamh ar an scéal mar a bailíodh é sna Cruacha agus i gceantracha eile i dTir Chonaill. Sa chéad aguisín a théann leis an saothar seo, tugtar eolas ar na scéalta a fhaightear ann. Tugtar ainmneacha na scéalta, uimhreacha na scéalta de réir chlár Aarne/Thompson/Uther (ATU), agus cur síos ar na scéalta idirnáisiúnta a fhaightear iontu, ainmneacha na scéalaithe agus cad as a bhfuair siad a gcuid scéalta, má tá an teolas sin ar fáil sna lámhscríbhinní. Sa dara aguisín, tugtar leagan na lámhscríbhinní den scéal An luchóg ý an bheacóg, díreach mar a scríobh Seán Ó hEochaidh síos é ón scéalaí Anna Nic an Luain. Sa tríú aguisín, tugtar liosta iomlán de na scéalta idirnáisiúnta a bailíodh sna Cruacha Gorma i 1947 agus 1948

    Similar works