2 research outputs found
Na coláistí Gaeilge mar ghne d'athbheochan na Gaeilge, 1904-1912
Cuireadh coláiste Gaeilge ar bun i mBéal Atha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí sa
bhliain 1904 chun múinteoirí scoile náisiúnta a ullmhú chun an Ghaeilge a theagasc
i gcraobhacha Chonradh na Gaeilge agus sna scoileanna Náisiúnta ar fud na
hÉireann. Ceadaíodh teagasc na Gaeilge mar ghnathabhar ar churaclam na
scoileanna Náisiúnta den chéad uair riamh ó bunaíodh an córas oideachais náisiúnta
in 1831 i scoileanna Náisiúnta na Gaeltachta nuair a fógraíodh an Clár Dátheangach
in Aibreán 1904. Ba chuid den obair athnuachana ar an churaclam naisiunta a
tosaíodh i 1900 é an clár. Chonacthas, áfach, nach raibh dóthain oidi oilte ann chun
dul i mbun theagasc na Gaeilge sna scoileanna. Chuir an Piarsach agus an
Craoibhín bunús an mhilleáin ar an Bhord Náisiúnta agus ar na coláistí oiliuna stait.
Ba iarracht í búnu na gcoláistí Gaeilge an fhadhb seo a réiteach .
Glacadh go réidh leis na cúrsaí a bhí á n-eagrú i gColáiste na Mumhan agus níorbh
fhada gur oscláiodh colaístí Gaeilge eile sna ceithre chúige idir 1904 agus 1912.
Mheall na cúrsaí seo na sluaite oidí chun na ceantair ba láidre Gaeilge ina raibh na
coláistí bunaithe iontu. Bronnadh teastais inniúlachta orthu siúd ar éirigh leo sna
scrúdaithe a reáchtáladh ag deireadh na gcúrsaí. Thuig an Bord Náisíunta fiuntas a
gcuid oibre agus d'aithin sé teastais na gcoláistí mar cháilíocht oífigiúil
muinteoireachta.
Tá tábhacht ag na colaístí Gaeilge in éabhlóid theagasc na Gaeilge. Is iad a chuir
oidí ar fail don chóras oideachais. Bhi scoláirí móra na Gaeilge ar nós Eoin Mhic
Néill, Risteard Uí Dhálaigh, Risteard de Hindeberg, Thomáis Uí Cholmáin, Mhíchíl
Breathnaigh agus Úna Ní Fhaircbeallaigh ag croílár obair na gcolaístí seo. Mar sin
ba chéim chinniúnach e an feiniméan lenar bhain siad i scéal na Gaeilge sa chóras
oideachais. Seasann na coláistí Gaeilge don idéalachas a spreag treaníarracht na
gConraitheoiri deiseanna oiliúna a chur ar fáil d'oidí scoile na tíre an Ghaeilge a
theagasc d'aos óg agus do dhaoine fásta an ama sin nuair nach raibh rialtas na tíre
sásta na deiseanna sin a chur ar fail. Is e sin abhar agus fócas an tsaothair seo
Na coláistí Gaeilge mar ghne d\u27athbheochan na Gaeilge, 1904-1912
Cuireadh coláiste Gaeilge ar bun i mBéal Atha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí sa
bhliain 1904 chun múinteoirí scoile náisiúnta a ullmhú chun an Ghaeilge a theagasc
i gcraobhacha Chonradh na Gaeilge agus sna scoileanna Náisiúnta ar fud na
hÉireann. Ceadaíodh teagasc na Gaeilge mar ghnathabhar ar churaclam na
scoileanna Náisiúnta den chéad uair riamh ó bunaíodh an córas oideachais náisiúnta
in 1831 i scoileanna Náisiúnta na Gaeltachta nuair a fógraíodh an Clár Dátheangach
in Aibreán 1904. Ba chuid den obair athnuachana ar an churaclam naisiunta a
tosaíodh i 1900 é an clár. Chonacthas, áfach, nach raibh dóthain oidi oilte ann chun
dul i mbun theagasc na Gaeilge sna scoileanna. Chuir an Piarsach agus an
Craoibhín bunús an mhilleáin ar an Bhord Náisiúnta agus ar na coláistí oiliuna stait.
Ba iarracht í búnu na gcoláistí Gaeilge an fhadhb seo a réiteach .
Glacadh go réidh leis na cúrsaí a bhí á n-eagrú i gColáiste na Mumhan agus níorbh
fhada gur oscláiodh colaístí Gaeilge eile sna ceithre chúige idir 1904 agus 1912.
Mheall na cúrsaí seo na sluaite oidí chun na ceantair ba láidre Gaeilge ina raibh na
coláistí bunaithe iontu. Bronnadh teastais inniúlachta orthu siúd ar éirigh leo sna
scrúdaithe a reáchtáladh ag deireadh na gcúrsaí. Thuig an Bord Náisíunta fiuntas a
gcuid oibre agus d\u27aithin sé teastais na gcoláistí mar cháilíocht oífigiúil
muinteoireachta.
Tá tábhacht ag na colaístí Gaeilge in éabhlóid theagasc na Gaeilge. Is iad a chuir
oidí ar fail don chóras oideachais. Bhi scoláirí móra na Gaeilge ar nós Eoin Mhic
Néill, Risteard Uí Dhálaigh, Risteard de Hindeberg, Thomáis Uí Cholmáin, Mhíchíl
Breathnaigh agus Úna Ní Fhaircbeallaigh ag croílár obair na gcolaístí seo. Mar sin
ba chéim chinniúnach e an feiniméan lenar bhain siad i scéal na Gaeilge sa chóras
oideachais. Seasann na coláistí Gaeilge don idéalachas a spreag treaníarracht na
gConraitheoiri deiseanna oiliúna a chur ar fáil d\u27oidí scoile na tíre an Ghaeilge a
theagasc d\u27aos óg agus do dhaoine fásta an ama sin nuair nach raibh rialtas na tíre